Home

Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin: Dréacht-straitéis na Gaeilge 2023-2027

1/2

Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, Dréacht-Straitéis na Gaeilge 2023-2027 

Leagtar amach i nDréacht-Straitéis na Gaeilge 2023-2027 an misean, an fhís, na cuspóirí straitéiseacha agus na gníomhartha dearfacha atá ag an Chomhairle do na chéad cheithre bliana eile.

Cuireann an Chomhairle fáilte roimh do chuid tuairimí agus dearcthaí. Bheimis buíoch díot ach tú freagraí a thabhairt ar na ceisteanna seo a leanas.

Tabhair faoi deara go mbeidh do chuid freagraí le feiceáil go poiblí, cé nach mbeidh aon sonraí pearsanta luaite leo.

Irish Language Version

1.         Misean 

Tá dhá chuid ag baint leis an mhisean i nDréacht-Straitéis na Gaeilge 2023-2027:

  • Comhshaol tacúil a chruthú do ghnáth-úsáid na Gaeilge i riarachán inmheánach na Comhairle agus ina cuid gnóthaí le comhlachtaí poiblí eile ague agus leis an phobal féin.
  • Caighdeáin cothromaíochta deiseanna a neadú, dul i ngleic le constaicí maidir le heolas agus seirbhísí, forbairt na Gaeilge a chur chun cinn, agus ceannasaíocht a léiriú le freastail ar riachtanais léirithe de chuid na bpobal Gaeilge atá ann cheana, chomh maith leo siúd atá ag teacht chun cinn.

Fís

Is í an fhís atá ag Dréacht-Straitéis na Gaeilge 2023-2027:                 

  • Comhshaol tacúil inbhuanaithe a chruthú d’úsáid agus d’athghiniúint na Gaeilge sa saol poiblí, pearsanta, eacnamaíochta agus pobail.

Cuspóirí straitéiseacha 

Tá dhá cuspóir straitéiseach molta.

An dóigh leat gurb iad an dá chuspóir seo a leanas na cuspóirí straitéiseacha iomchuí do na chéad cheithre bliana eile?

Gníomhartha Dearfacha  

Faightear na gníomhartha dearfacha atá molta don tréimhse 2023-2027 taobh istigh den tábla ar leathanaigh 5-11.

Seiceáil na doiciméid seo a leanas

Straitéis na Gaeilge 2023 -2027 - DRÉACHT as Gaeilge.pdf
Straitéis na Gaeilge 2023 -2027 - DRÉACHT as Gaeilge.pdf
pdf

Cothromaíocht deiseanna, dea-chaidrimh agus riachtanais tuaithe

Ba mhaith linn a chinntiú go bhfuil tuiscint iomlán againn ar aon impleachtaí a bhaineann le cothromaíocht deiseanna, dea-chaidrimh agus riachtanais tuaithe. Ar an ábhar sin, bheimis buíoch díot as aon aischothú.

An bhfuil eolas agat ar aon impleachtaí ar chothromaíocht deiseanna, dea-chaidrimh nó riachtanais tuaithe a bhaineann le Dréacht-Straitéis na Gaeilge 2023-2027?

 

Druidfidh an comhairliúchán ar 12 Meitheamh 2023.

Go raibh maith agat as do chuid barúlacha. Cuirfidh an Chomhairle na freagraí san áireamh nuair a bheidh Dréacht-Straitéis na Gaeilge 2023-2027 á cur i gcrích. Foilseofar an Straitéis ar shuíomh gréasáin na Comhairle.

This engagement phase has finished

Some people making comments

...

A person happy and a comment icon

...